Uni4U

Uni4U

Deis ar leith atá sa chlár Uni4U, faoi stiúir an Ionaid Rochtana in Ollscoil na Gaillimhe atá oscailte do bhreis is 200 dalta rang a 6 as 5 bhunscoil DEIS agus Link i gCathair na Gaillimhe. In 2024, d’oibríomar leis na scoileanna seo a leanas: Radharc na Mara, Scoil Bhríde, Scoil Chroí Íosa, Coillte Mhuirlinne, agus Scoil an Linbh Íosa.

Tugann daltaí agus a gcuid múinteoirí cuairt ar an gcampas uair sa tseachtain ar feadh sé seachtaine chun ceardlanna a dhéanamh le ranna agus scoileanna éagsúla na hOllscoile. I mbliana, gheobhaidh na daltaí blaiseadh den Ghaeilge agus den Chultúr Gaelach, Club Eolaíochta Thaiscéalaithe na gCeall, Eacnamaíocht, Innealtóireacht, Bréagchúirt le Scoil an Dlí, an Músaem Ríomhaireachta, craoladh le Flirt FM, Scéalaíocht, Iodáilis agus Cultúr na hIodáile le Roinn na hIodáilise, Seachtain Feasacht ar an Inchinn, taispeántais agus ceardlanna mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, an tIonad Forbartha Gairmeacha agus an Mol Smaointe.

Sa tseachtain dheireanach den chlár, ghlac gach scoil páirt i lá spóirt, áit a raibh deis acu réimse de spóirt éagsúla a thriail i gcomhar le Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe. I measc na ngníomhaíochtaí bhí Júdó le Júdó Chathair na Gaillimhe, Haca le Cumann Haca na hÉireann, Leadóg le Cumann Leadóige na hÉireann, agus Galf le Cumann Gailf na hÉireann.

Glacfaidh daltaí páirt freisin i ngníomhaíochtaí le meantóirí, lena n-áirítear Turais den Champas, Tráth na gCeist Ollscoile, agus cluichí. Cuirfidh siad críoch leis an lá trí lón a bheith acu le chéile i gceaintín an champais, agus mic léinn ollscoile eile timpeall orthu, áit a bhfaighidh siad blaiseadh d’atmaisféar bríomhar an champais.

Ina theannta sin, reáchtáil an clár Uni4U Campa Samhraidh in Ollscoil na Gaillimhe. I mbliana, ghlac ár mic léinn páirt i spórt ag an Kingfisher, rugbaí le Rugbaí Chonnacht, agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha éagsúla.

Tá sé mar aidhm ag an gclár forbairt phearsanta a chothú trí fhéinmheas, muinín, scileanna cumarsáide agus iompar sóisialta a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí agus ceardlanna forbartha foirne, in éineacht le saibhriú oideachais, go háirithe sna croí-ábhair.

 

Bronnadh Teastas Uni4U

Ag deireadh an chláir Uni4U, tugadh ómós d’éachtaí na ndaltaí uile a ghlac páirt ag searmanas bronnta céime speisialta a reáchtáladh i Halla Bailey Allen, ar ar fhreastail tuismitheoirí, Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Eddie Hoare, an aoi speisialta Phill Trill, Bainisteoir Fhoireann Shinsearach na mBan, Gaillimh Aontaithe, agus comhaltaí foirne sinsearacha de chuid na hollscoile.